Fís William: cathair nua
£40 billiún i Maigh Eo
Breandán M Mac Gearailt
I gcomhdháil i gCnoc Mhuire i rith na seachtaine bhíothas ag plé an phlean chonspóidigh chun cathair nua a thógaint san Iarthar.
Cathair ina mbeadh breis is 100,000 ina gcónaí inti a thógaint as an nua amuigh faoin tuath ar an teorainn idir Maigh Eo agus Ros Camáin. Sin é atá sa cheann ag William A Thomas le trí bliana anuas agus é fós ar a chroí díchill ag iarraidh a aisling a fhíorú.
"Nuair a bhí an Rialtas ag cur an Phlean Forbartha Náisiúnta i dtoll a chéile chuir siad fáilte roimh aighneachtaí ón bpobal. Bheartaíos ar cheann a chur faoina mbráid. D'fhéach mé ar na fíricí agus na staitisticí a bhain le bánú agus na fadhbanna sóisialta agus eacnamaíocha eile sa réigiún. Tar éis an taighde seo ar fad bhíos go láidir den tuairim nach leigheasfadh aon ní na fadhbanna seo ar fad ach cathair nua-aimseartha san Iarthar a chuirfeadh i gcoinne tarraingt Bhaile Átha Cliath," a deir sé.
Tá 20,000 duine in aghaidh na bliana á mealladh ón Iarthar, dar le William, a bhformhór ar fad ag triall ar Bhaile Átha Cliath. Luaigh sé go mbíonn tarrac ar 500 bus ag fágaint na príomhchathrach gach Aoine chun daoine a thabhairt chuig gach aird den tír. Dá bharr seo measann an tUas Thomas go bhfuil géarghá le cathair nua san Iarthar chun cothromaíocht éigin a bhaint amach idir na réigiúin.
Bheadh an chathair seo, áit a mbeadh 250,000 laistigh de 20 bliain, dar le tairngreacht William, le tógaint ó thuaidh ón gCaisleán Riabhach, siar ó Bhealach an Doirín agus i bhfoisceacht 10 míle de Chnoc Mhuire. Cé go mbeadh a leithéid d'fhiontar ceannródaíoch i gcomhthéacs na hÉireann, tá réamhshamplaí den saghas seo cathrach le fáil ar fud an domhain; dhá shampla iad Canberra na hAstráile agus Milton Keynes Shasana. Usáidfear iad seo mar eiseamláirí do chathair Mhaigh Eo.
An treo ceart?: Tá 20,000 duine in aghaidh na bliana
á mealladh ón larthar dar le William Thomas
Tá béim faoi leith á chur ag Andrew ar an bpleanáil mar ní hamháin go dteastaíonn uaidh na botúin a deineadh i bpleanáil chathracha eile na tíre seo agus thar lear a sheachaint ach teastaíonn uaidh ná cuirfeadh aon fhorbairtí a dhéanfaí sa todhchaí as do dhéantús na cathrach.
Beidh cathair William lonnaithe ar 30 míle cearnach, áit a bhfuil 230 duine ina gcónaí faoi láthair. Ní nach ionadh bheadh béim faoi leith ar an nua-aimsearthacht, caighdeán na gcórais taistil, tithíocht agus leagan amach na cathrach féin.
Meastar go gcosnóidh an togra ollmhór breis agus £40 billiún ach deir Andrew nach mbeidh siad in ann costas a mheá i gceart go dtí go mbeidh pleananna na n-ailtirí faighte acu i mí Meán Fómhair. Thug sé le fios go bhfuil Banc Infheistíochta na hEorpa toilteanach £75billiún a sholáthar agus go bhfuil maoiniú príobháideach Meiriceánaach á thairiscint chomh maith.
Ní ghlacann Andrew leis go mba cheart díriú ar fhobairt áiteanna uirbeacha cosúil le cathair na Gaillimhe seachas infheistitú a dhéanamh i gcathair nua.
"Cathair ársa is ea an Ghaillimh rud a chiallaíonn nach féidir lár na cathrach a mhéadú, ina ionad táthar ag tógaint lear mór bruachbhailte. Dá bharr sin tá fadbhanna tráchta, coiriúlachta agus tithíochta go rábach sa chathair," a deir Andrew.
